Canna Athbhreithnithe
Cad é mar a oibríonn Múinteoirí a Spreagann?
Ba mhian le Múinteoirí a Spreagann Éire do scéalta a chluinstin maidir leis an tionchar dearfach a bhí ag múinteoir i do shaol.
Déanfaidh ár gcoimeádaí Louise O’Neill rogha de na scéalta is spreagúla a chomhroinnt ar shuíomh gréasáin Mhúinteoirí a Spreagann agus ar na meáin shóisialta agus labhróidh sí fúthu ar phodchraoladh Mhúinteoirí a Spreagann Éire.
Agus i Mí na Nollag beimid ag ceiliúradh múinteoirí a bhfuil difear déanta acu.
Cathain is féidir liom mo scéal a chomhroinnt?
Is féidir leat do scéal a chomhroinnt ón 5 Deireadh Fómhair go dtí an 5 Samhain.
An gá dom é a comhroinnt go poiblí?
Tá na scéalta sin á mbailiú againn ionas gur féidir linn múinteoirí a cheiliúradh, agus dá bhrí sin táimid ar lorg scéalta a bhfuil tú sásta iad a chomhroinnt. Tá meas againn ar do phríobháideachas agus ar do chuid sonraí pearsanta, agus ní chomhroinnfimid ach an méid atá comhaontaithe agat chun a chomhroinnt.
Cérbh iad na dámhachtaithe in 2019 maidir le Múinteoirí a Spreagann?
Seamas Cassidy, múinteoir ar scor a bhí ag teagasc ag Scoil na mBráithre Críostaí, Tuaim, Co. na Gaillimhe.
Nora Duffy, múinteoir ar scor ó Scoil Chomhoideachais Iósaf, an Port Thoir.
Sinead O’Mahony a theagascann ag Scoil an Iarthair Láir do na Bodhair i Luimneach.
Kelly Loughran ó Choláiste Ard Feá, Muineachán.
Ní mhaireann an múinteoir a rinne difear i mo shaol. An féidir liom é/í a ainmniú go fóill?
Ar an drochuair ní féidir leat. Is é atá i gceist le Múinteoirí a Spreagann aitheantas a thabhairt do mhúinteoirí agus iad a cheiliúradh atá fós beo (ag teagasc faoi láthair nó ar scor).
Tá mé i mo chónaí i dTuaisceart Éireann. An féidir liom scéal a chur isteach faoi mhúinteoir a theagascann anseo?
Níl Múinteoirí a Spreagann oscailte faoi láthair ach amháin d’aighneachtaí ó Phoblacht na hÉireann. Tá súil againn go mbeimid in ann an tionscnamh a shíneadh go hoileán iomlán na hÉireann sna blianta le teacht.
Tá ceist agam faoi Mhúinteoirí a Spreagann nach bhfuil freagra uirthi anseo. Cén duine ar féidir liom dul i dteagmháil leis?
Seol ríomhphost chugainn ag teachersinspire@dcu.ie agus déanfaimid iarracht freagra a thabhairt ar cheist ar bith eile a d’fhéadfadh a bheith agat.