Múinteoirí a Spreagann Éire 20232024

1. Réamheolas

1.1
Seo é an fógra príobháideachais (“Fógra”) do Chlár Duaiseanna do Mhúinteoirí a Spreagann (an “Clár”), a dhéantar a reáchtáil agus a oibriú ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (“DCU”). Gníomhaíonn DCU mar rialtóir aon sonraí pearsanta i gcomhthéacs an CHLÁIR. Is é cuspóir an Fhógra seo chun a mhíniú cad iad na sonraí pearsanta a phróiseálaimid agus conas agus cén fáth a phróiseálaimid iad maidir leis an gClár. Tá faisnéis bhreise maidir leis an dóigh a ndéanann DCU sonraí pearsanta a phróiseáil ar fáil trí Bheartas Príobháideachais DCU.

1.2
Is é cuspóir an Chláir an ról dearfach a bhíonn ag múinteoirí i saolta scoláirí a cheiliúradh. Tá sé sin ag teacht go mór le cuspóirí agus feidhmeanna reachtúla DCU faoi Acht na nOllscoileanna, 1997, lena ndéantar foráil in alt 12 go n-áirítear le cuspóirí ollscoile chun cur chun cinn a dhéanamh maidir le: “foghlaim i measc na mac léinn dá cuid agus sa tsochaí i gcoitinne”; agus maidir leis “na caighdeáin agus an cháilíocht is airde teagaisc agus taighde” (le chéile, “Feidhmeanna Reachtúla” DCU).


2. Sonraí pearsanta a bhailiú

Agus an clár á reáchtáil, déanfaidh DCU na sonraí pearsanta a leanas a ghabháil agus a phróiseáil:

2.1
Múinteoirí is Ainmnithe (Ainmnithe): ainm, scoil(eanna) an Ainmní agus na deich mbliana ina raibh an tAinmnitheoir ag freastal ar an scoil ábhartha in éineacht le sonraí faoi scéal spreagthach an Ainmní. Déanfaidh painéal athbhreithnithe an Chláir laistigh de DCU (“Painéal Athbhreithnithe”) an fhaisnéis sin a phróiseáil chun na hainmnithe rathúla a roghnú ó na moltaí a fhaightear (“Moltaí”).

2.2
Ainmnitheoirí is Scoláirí (Ainmnitheoirí): ainm, an scoil ar a raibh an tAinmnitheoir ag freastal agus na deich mbliana ina raibh an tAinmnitheoir ag freastal ar an scoil ábhartha in éineacht le sonraí faoi scéal spreagthach an Ainmní, ar féidir é a ghabháil le físeán de réir rogha an Ainmnitheora. Sa bhreis air sin, baileoidh DCU seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin na nAinmnitheoirí, nó an dá rud araon, chun teagmháil a dhéanamh leis an Ainmnitheoir ina dhiaidh sin d’fhonn faisnéis bhreise a bhailiú maidir le Moltaí ar bith a dhéantar a ghearrliostú.

2.3
Daoine Eile: Féadfar sonraí pearsanta daoine aonair eile a phróiseáil chun críocha teagmhasacha i gcomhthéacs an Chláir, amhail mar shampla, daoine muinteartha na nAinmnithe rathúla chun críocha cuirí a eisiúint chuig searmanas bronnta bliantúil an Chláir agus ar chúiseanna cosúla.


3. Cuspóirí na próiseála

Déanfaidh DCU Sonraí pearsanta Ainmnitheoirí agus Ainmnithe araon a phróiseáil agus a úsáid atá san áireamh le Moltaí le haghaidh na gcuspóirí a leanas:

3.1
chun críocha riaracháin i dtaca leis an bpróiseas athbhreithnithe, lena n-áirítear teagmháil a dhéanamh le hAinmnitheoirí maidir lena Moladh agus, nuair a roghnaítear Ainmní rathúil le haghaidh duaise, chun críocha teagmháil a dhéanamh leis an Ainmní agus cuirí a eisiúint chuig searmanas bronnta bliantúil an Chláir. Tá a leithéid de phróiseáil bunaithe ar Fheidhmeanna Reachtúla DCU;

3.2
chun críocha athbhreithnithe ag an bPainéal Athbhreithnithe d’fhonn Ainmnithe rathúla a roghnú agus chun na duaiseanna a dheonú, rud eile atá bunaithe ar Fheidhmeanna Reachtúla DCU;

3.3
nuair a roghnaíonn Ainmnitheoir go toilteanach chun a M(h)oladh a chur isteach le físeán, bíonn sé sin bunaithe ar a c(h)ead chun sin a dhéanamh (trí roghnú chun físeán a chur isteach); agus

3.4
chun críocha scéalta spreagthacha a fhoilsiú agus iad a chur ar láithreán gréasáin tiomanta dár gcuid don Chlár agus i meáin ghaolmhara DCU (amhail ríomhphoist inmheánacha agus sheachtracha Alumni DCU agus Iontaobhas Oideachais DCU agus i nuachtlitreacha dá gcuid). Nuair a fhoilsímid sonraí pearsanta, scéal spreagthach nó grianghraf Ainmní, nó iad sin go léir, déanfaimid a c(h)ead roimh ré a iarraidh i gcónaí d’fhonn sin a dhéanamh. Is féidir a leithéid de chead a tharraingt siar ag am ar bith, gan aon tionchar ar an bpróiseáil roimh tharraingt siar an cheada.


4. Inneachar Moltaí

4.1
Trí Mholadh a dhéanamh (i bhformáid téacs nó físeáin), admhaíonn gach Ainmnitheoir go bhfuil sé nó sí ag léiriú tuairime a thugtar faoi rún don Phainéal Athbhreithnithe, a bhfuil leas dlisteanach acu sa Mholadh a ghlacadh maidir leis an gClár. Ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh an Painéal Athbhreithnithe rúndacht gach Molta a chinntiú go dtí go ndéanfar na hAinmnithe rathúla a roghnú, agus ag an bpointe sin cuirfear in iúl dóibh ansin faoin bhfíric gur ainmníodh iad mar chuid den Chlár agus gur éirigh leo.

4.2
Níor cheart d’Ainmnitheoirí aon sonraí pearsanta um chatagóir speisialta maidir le hAinmnithe a áireamh i Moladh ar bith. Áirítear le sonraí dá leithéid aon fhaisnéis lena nochtar: sonraí sláinte / míochaine, cine nó bunús eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh nó fealsúnacht, nó sonraí maidir le ceardchumann nó maidir le saol gnéis nó gnéaschlaonadh an Ainmní. Eisiafar Moltaí ar bith lena n-áirítear a leithéid de shonraí.


5. Coinneáil

Ní choinneoidh DCU sonraí pearsanta a bhaineann leis an gClár ach chomh fada leis an gcuspóir ábhartha dá ndearnadh iad a aimsiú, rud a athróidh bunaithe ar na critéir a leanas:

5.1
Ainmnithe Rathúla: Le haghaidh Ainmnithe Rathúla, coinneofar sonraí pearsanta ar ár láithreán gréasáin don Chlár agus bainfear úsáid astu i meáin agus i gcumarsáidí éagsúla maidir leis an gClár do thréimhse suas le roinnt blianta tar éis dháta na duaise dá gcuid chun an Clár a chur chun cinn, bunaithe ar chead na nAinmnithe (ar féidir leo é sin a tharraingt siar).

5.2
Ainmnithe Mírathúla: Déanfar sonraí pearsanta Ainmnithe mírathúla a dhíothú nó a scriosadh go sábháilte tar éis don Phainéal Athbhreithnithe a chinneadh (chinntí) a dhéanamh don tréimhse ábhartha de dhuais an Chláir.

5.3
Ainmnitheoirí: Déanfar sonraí pearsanta Ainmnitheoirí a dhíothú nó a scriosadh go sábháilte go luath tar éis na tréimhse ábhartha de dhuais an Chláir, tar éis do DCU teagmháil a dhéanamh leis na hAinmnitheoirí ábhartha, de réir mar is gá.


6. Faisnéis bhreise agus cearta

6.1
Faoi réir ag critéir agus eisceachtaí áirithe, is féidir ledaoine aonair ar bith a bpróiseálann DCU a sonraí pearsanta mar chuid den Chlár leas a bhaint as na cearta a leanas faoi dhlí cosanta sonraí maidir lena sonraí pearsanta: an ceart chun na sonraí a rochtain, a cheartú, a shrianadh agus chun cur i gcoinne a bpróiseála nó a n-iomparthachta, nó an dá rud araon. Nuair a bhíonn an phróiseáil bunaithe ar do chead, is féidir leat cead dá leithéid a tharraingt siar ag am ar bith. Tá a thuilleadh faisnéise ar fáil i dTreoirleabhar um Chearta do Dhaoine is Ábhair do Shonraí DCU.

6.2
Is féidir leat leas a bhaint as na cearta sin trí theagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí (“DPO”) DCU le ríomhphost ag data.protection@dcu.ie (agus a oiread sonraí agus is féidir leat a sholáthar maidir le d’iarratas d’fhonn cur ar ár gcumas do chuid sonraí pearsanta a shainaithint agus d’iarratas a éascú).

6.3
Le haghaidh faisnéis bhreise a fháil faoin bhFógra seo nó maidir le próiseáil do chuid sonraí pearsanta, déan teagmháil le DPO DCU ag data.protection@dcu.ie. Cé gur féidir leat gearán a dhéanamh do Choimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí, d’iarrfaimis ort chun teagmháil a dhéanamh le DPO DCU sa chéad ásc chun an deis a thabhairt dúinn tabhairt faoi aon bhuarthaí a d’fhéadfadh a bheith agat.

Dáta Infheidhme: Aibreán 2019